scríobh Annraoi Ó Préith
> Chaith mé féin seal i mo mhac-léinn i Madrid, aguis b'annsin a chuala mé
> "mé diámó" in áit "mé liamó" (me llamo) agus de réir sin. Dubhradh liom ag
> an am claoidh leis an chaighdeán "y".
agus Colm de Búrca
> Cheapfainn go mbaineann j/zh le caint na hAirgintíne mar gheall ar
> thionchar muintir na Gailéise a chuaigh ann seachas mar gheall ar
> thionchar na nIodáilisí (más ceadmhach dom an focal sin a chumadh).
> Tugtar "gallego" /"gazhego" ar Spáinneach san Airgintín fós, dála an
> scéil.
'S docha go bhfuil an ceart ag CB. Tá gaol idir fuaimeanna
Poirtaingéilise is teanga na Gailéise (agus teanga diaspoireacht a'
phobail Eabhrach Seaphárdach[?] as an Ibéir), agus an fhuaim 'ch/zh' sa
Phortaingéilis i gcorr-áit mar a bhfuil 'y' no 'll' sa Spáinnis --
"chamar" (P.), "llamar" (S.); "hoje" (P.), "hoy" (S.). Níl mé chomh
eolach ar gallego (de Galicia) no "ladino" (de los Sefardíes) agus atáim
ar an Phortaingéilis áfach. Ar aon chaoi ní fada an chéim idir 'ch',
'j' (P.) agus an fhuaim cosúil le 'd' caol, 'j' na Béarla. (Dála an
scéal is "ladino" a chuirtear ar an sean-Spáinnis chomh maith leis an
teanga coimeádach a labhríonn na Seaphárdaich fós.)
gli
|