D'fhan mé leis an 4ú lá Iúil leis an tcht seo a chur.
Scríobh Colm:
> céard faoi na hindiaigh bhochta a gcónaíonn sna reservations .. Nach
cóilíneacht mhór amháin é SAM?
Scríobh Dennis:
>. an féidir coilíneacht a bheith ann gan choilínigh?
Neamhchóilíneacht mhór amháin atá againne, ar ndóigh. Fiú má's
cóilíneachtaí iad na reservations -- agus ní hiad ó thaobh an dlí (droim ar
ais) ná sa tsaol laethúil - níl ach cuid an-bheag den tír iad. Bhí achan
tír ar an Oileán Ùr ina cóilíneacht ag na hEorpaigh tráth, cóilíneachtaí a
bhunaigh siad ar an sclábhaíocht, chiníochas agus impiriúlachas.
>Cé hiad na coilínigh i SAM anois díreach?
>1. Bean ar tháinig a cuid sinsear uilig go dtí an tír seo
ó Shasana roimh 1776 2. Bean ar tugadh . . .
Is fíor duit go bhfuil an tír seo níos casta ná mar a cheapann lucht a
cáinte. Chuir tú mé ag smaoineadh faoi mo chuairt ar mo mhuintir sna
fobhailte thiar i Nua Jersey ar na mallaibh.
Agus mise ag fás aníos sna 60idí ní raibh ach teaghlach amháin de shliocht
Afracach i measc na 7,500 duine ar an bhaile s'againne, agus gan oiread is
duine amháin díobh insan bhunscoil phoiblí a bhfuil mo nia anois inti, mar
shampla.
D'amharc mé fríd bhliainiris 2000 na bunscoile sin: Cuir na daltaí de
shliocht Eorpach agus Afracach (iad seo i ngach seomra ranga anois) le
chéile agus ní bheidh fós ann ach mionlach! Daoine "eile" (mo nia féin ina
measc) an tromlach: Áisigh, lucht Spáinnise, agus go mór mhór Turcaigh is
Arabaigh. Is iontach an méid áiteanna anseo anois nach bhfuil grúpa ar bith
ina thromlach iontu. E pluribus unum.
B'fhéidir gur miosúr na faidhbe é an rírá faoi John Rocker, teilgeoir na
Atlanta Braves, a mhaslaigh eachtrannaigh, daoine aeracha agus eile i Nua
Eabhrac. Ábhar dóchais domhsa gnáthdhaoine geala gan eisceacht á cháineadh
as a chuid 'racism'. Má's gá biogóid a chosaint ar phobal ár dtírse le 700
póilín agus slám airgid mar bhíothas a dhéanamh ag Shea Stadium an oíche
faoi dheireadh, tá muid ar an bhealach cheart.
An chéad uair eile a chasann mo chomharsa bhéal dorais liom - is Mohawk é -
cuirfidh mé in iúil dó go bhfuil duine in Éirinn ag smaoineamh ar Indiaigh
bhochta. Cheannaigh sé a árasán agus is minic a bhíonn na Stars and Stripes
ar crochadh ar an doras aige. Ach is cloch ar a phaidrín féin fosta an
bochtanas Indiach, tá mé cinnte de, a Choilm.
Seosamh
|