Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>A Vincent, tá 'fhios agam go bhfuil argóint níos fearr agat. Tuige a
bhfuil
>tú ag tarraingt isteach an red herring seo? Níl aon bhaint díreach ag
Unicode
>leis an ISO.
Féach:
1 Dúirt Marion gur "caighdeánú ar chóid ... seachas caighdeánú
ar ainmneacha" a bhí i gceist le caighdeán an ISO.
2. Léirigh mise go bhfuil an caighdeán sin ag feidhmiú mar
chaighdeán ainmneacha i gcás Unicode, eagraíochta nach
bhfuil "aon bhaint díreach" aige leis an ISO, mar adeir tú féin.
3. An rud atá fíor faoi Unicode, d'fhéadfadh sé bheith fíor faoi
mhórán eagraíochtaí eile in earnáil na ríomhaireachta. Faoi
Microsoft, abair, nó Netscape, nó Apple, nó lucht Linux, nó
dream ar bith eile nach iad.
4. Dá bhrí sin, is léir nach bhfuil aon bhunús leis an idirdhealú
a rinne Marion idir caighdeánú ar na cóid agus caighdeánú ar
ainmneacha na dteangacha. Tá an dá rud fite fuaite le chéile sa
chaighdeán céanna.
Vincent Morley
|