>Is ait liom é sin, mar mholadh, mar tá a leithéid de ghrúpa ann cheana
>(grúpa oifigiúil ag feidhmiú le blianta anuas faoi choimirce NSAI, a bhfuil
>baill eile de liostaí éagsúla na nGael páirteach ann, rud a shíl mé a bhí
>ar eolas ag cuid de na daoine a luann tú thuas). Níl ort ach glaoch ar NSAI
>chun clárú mar bhall den ghrúpa sin, arb é a theideal oifigiúil AGITS/WG6.
Níor chualas trácht ar an ngrúpa sin. An bhféadfá URL an
leathanaigh gréasáin acu a thabhairt dúinn freisin, má tá a
leithéid acu, nó leid éigin a thabhairt dúinn faoin saghas
oibre a bhíonn ar siúl acu (nilím ag súil le tuairisc fhada - ba
leor cúpla pointí a lua faoi na cúraimí is mó a bhíonn orthu).
Vincent Morley
|