Scríobh Marion:
>GRMA, a Bhriain, as an léas solais thíos (mar chuidiú chun an díospóireacht
>seo a lonnú i gcomhthéacs oiriúnach na staire comhaimsirí agus na
>soceolaíochta, rud nach éasca a dhéanamh).
>mg
>
>
>Ar 13:02 -0500 2000-07-03, scríobh Brian Doyle:
>>Ní Eireannach mé agus ní féidir liom a rá go dtuigim an cheist seo
Is baolach nár thuig tú an bunphrionsabal atá i gceist anseo
go fóill a Mharion. Ní Puerto Rico í Éire. Ní Hawaii í Éire.
Stát saor neamhspeách is ea í agus is faoi mhuintir na
hÉireann amháin atá sé ainm Béarla na Gaeilge a shocrú.
Is é an t-ainm céanna atá in úsáid gan stad ón uair a
bunaíodh an stát sa bhliain 1922, agus sin 'Irish'. Is cuma cé
mhéad Meiriceánaigh adeir a mhalairt, níl seasamh dá laghad
acu is tá an tábhacht chéanna ag a gcuid tuairimí faoin gceist
seo is atá ag mo chuid tuairimí faoin té ar chóir a thoghadh
don White House i mí na Samhna seo chugainn.
Más mian leat ainm Béarla na Gaeilge a athrú, tá gach
ceart agat an iarracht sin a dhéanamh. Níl le déanamh agat
ach brú a chur ar na polaiteoirí reifreann a chur ar siúl chun
an bunreacht a leasú. Dá mbeadh an bua ag 'Gaelic' nó ag
'Irish Gaelic' ina leithéid de reifreann ghlacfainn le breith an
phobail - cé nach n-aontóinn leis. Idir an dá linn, tá dualgas
ort (agus tú ag gníomhú mar ionadaí de chuid na hÉireann)
an t-ainm atá ann faoi láthair a chosaint agus a dhaingniú
go hidirnáisiúnta.
Vincent Morley
|