Scríobh Seán Ó Séaghdha:
Shil mé ón méid a bhí scríofa agat go raibh eolas áithrid agatsa
fá úsáid na téarmaí Spáinnise seo agus mar sin chuir mé an cheist.
Níl aon eolas ar leith agam faoin Spáinnis.
Mara bhfuil fonn ort freagra a thabhairt nó má cheapann tú gur
ábhar leadránach é abair os ard é, is cuma liomsa ...
Ach creidim gur fhreagair mé gach ceist a chuir tú, chomh fada agus ab
fhéidir liom. Níl dada sa bhreis air sin ar féidir liom a rá.
... ach más é do thoil é ná bí ag rá go bhfuil muid ag cur amú ama
agus muid ag caint fá teanga nach an Ghaeilge ná an Béarla.
Bhuel anois, a Sheáin, féach ar líne an ábhair thuas (a chóipeáil mise ó do
theachtaireacht féin): "Re: Rogha D (4th choice)". Céard is brí leis sin?
Plé faoi ainm na Gaeilge i mBéarla, nach ea? D'fhreagair mise ceisteanna a
chuir daoine éagsúla (tú féin ina measc) faoin tsanasaíocht, faoin Spáinnis
agus faoin gCatalóinis, agus faoi rudaí eile nach bhfuil eolas speisialta
agam orthu, toisc gur cuireadh na ceisteanna sin mar iarracht ar fhianaise
a chur i láthair go bhfuil bunús éiginn le húsáid an téarma sin "Gaelic"
(mar ainm Béarla ar an nGaeilge)---ábhar an phlé seo.
Tá mo rá ráite anois agam ar na rudaí éagsúla a tharraing tú isteach. Mar
is eol duit go maith, is é ainm na Gaeilge i mBéarla bun agus barr na
díospóireachta seo, agus an feachtas atá ar siúl chun ainm eile a chur in
ionad ainm náisiúnta na teanga náisiúnta. Tá an fhianaise faoin bhfeachtas
sin curtha in bhur láthair agam; tá mo thuairimí féin ar an gceist sin
curtha in bhur láthair agam; agus ní theastaíonn uaim am a chaitheamh ag
plé rudaí nach bhfuil suim ar leith agam iontu agus nach mbaineann go
díreach leis an gceist thábhachtach sin.
Agus táimid ag fanacht fós ar fhreagra ó údair an fheachtais.
Séamas Ó Brógáin
----------------
|