Molaim do dhúthracht, a Sheáin! Cuir liosta mar sin ar bun anois, agus bí
cinnte go mbeidh éileamh air.
mg
Ar 01:11 +1000 2000-07-05, scríobh Sean O Seaghdha:
>..
>Tá smaoineamh cosúil leis agamsa freisin, ach baineann sé le téarmaíocht na
>ríomhaireachta go formhór. Tá 'fhios agam go bhfuil aistriúchán idir lámha ag
>Seán Ó Ceallaigh i ndomhan Unix, tá 'fios againn uilig go bhfuil cuid mhaith
>aistriúcháin déanta ag EGT agus tá tionscadal agamsa freisin. Nach mba mhaith
>an rud an iliomad ceisteanna, dabhtanna & fadhbanna a bhaineanns leis an ábhar
>seo a roinnt le chéile i liosta ríomhphoist/líonláithreán gan 'chuile dhuine a
>dhéanamh a bhealach (agus a théarmaí) féin i ngan fhios obair an duine eile.
>Ní chreidim go bhfuil an liosta seo ná Gaelic-L oiriúnach don ábhar seo toisc
>gur liostaí comhrá iad seachas liostaí téarmaíochta.
>
>Ní hé seo an rud céanna is a bhí ar intinn agat is dócha, ach ceapaim go
>gcuirfeadh baill an ghrúpa sin suim i gceist an aistriúcháin freisin.
>
>
>`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
> S e á n a S é a g h d h a [log in to unmask]
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|