Ar 2 Jul 2000, ag 19:45 scríobh David Stifter
fán ábhar "Re: Almodóvar":
> Seán Ó Séaghdha a scríobh:
>
> > Más mian leat ceann dhá scannáin a fheiceáil molaim "Women
> > on the verge of a nervous breakdown" (Mujeres al borde...) duit.
> > "Hairspray" Almodóvar atá ann (ó thaobh fhorbairt stíle dhe ar
> > aon chaoi).
>
> Mholfainn "Todo sobre mi madre" ("an t-iomlán faoi mo mháthair"),
> scannán deireanach Almodóvar ar bhain sé pailm órga i gCannes 7
> duais acadaimh i gCoill Cuilinn / CA leis. Is sárshaothar lán de
> mhothúcháin dhaonnachtúla doimhne é seo.
http://www.spe.sony.com/classics/allaboutmymother/
Molfaidh mé é th'éis a fheiceáil! Tá mé ag goil chuig an taispeáint
dheireanach (i Melbourne) amáireach. Ní cheapaim go bhfuil aon duine eile ar
an liosta seo ina chónaí i Melbourne, ach má tá...beidh an scannán seo ar siúl
ag an Lumière, 108 Sr. Lonsdale ag 4:30 pm Dé Céadaoin.
Dála an scéil: tuige an mbaisteann Sony "classic" ar scannán nua? An measann
siad gur sort Disney nua iad?
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n a S é a g h d h a [log in to unmask]
Make tassels on the four corners of the cloak you wear.
Deuteronomuy 21:12
|