Ar 4 Jul 2000, ag 3:01 scríobh Vincent Morley
fán ábhar "Re: The name of these languages":
> Scríobh Marion:
>
> >Ní mór a mheabhrú gur caighdeánú ar chóid (ga, gd, gv, srl.) atá i gceist i
> >sraith ISO 639 (-1,-2), seachas caighdeánú ar ainmneacha.
>
> Nuair a dhréachtaíonn an ISO liosta de theangacha (nó liosta
> de rud ar bith) is féidir bheith cinnte dearfa de go nglacfaidh
> daoine ar fud an domhain - daoine nach bhfuil an t-am ná an
> chaoi acu chun dul i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta i
> ngach tír chun an liosta a dheimhniú dóibh féin - go nglacfaidh
> siad leis an liosta mar shaothar údarásach. Tá sé sin ag tarlú
> cheana féin i gcás liosta na dteangacha. Mar shampla, má
> fhéachann tú ar leathanach de chuid Unicode ag an URL seo:
>
> http://www.unicode.org/unicode/onlinedat/languages.html
>
> feicfidh tú an ráiteas spéisiúil seo a leanas:
>
> "Please note, however, that the Unicode Consortium does not
> own or maintain ISO 639 and neither bears responsibility for its
> contents nor has the ability to change them. Please do not
> contact the Unicode Consortium if the ISO 639 language names
> are not what you believe they should be."
>
> Is é sin le rá, glacann Unicode ní hamháin leis na *cóid* atá
> leagtha síos i gcaighdeán ISO, ach glacann siad leis na
> *hainmneacha* atá sa chaighdeán freisin. Ní hamháin sin, ach
> ní éistfidh siad le gearán ó éinne maidir leis na hainmneacha
> sin. Dá mbeadh an Ghaeilge luaite i gcaighdeán idirnáisiúnta
> faoi ainmneacha bréagach a thugann le fios gur canúint seachas
> teanga í, bheadh sé an-deacair go deo an dochar sin a chur ar
> ceal níos déanaí.
A Vincent, tá 'fhios agam go bhfuil argóint níos fearr agat. Tuige a bhfuil
tú ag tarraingt isteach an red herring seo? Níl aon bhaint díreach ag Unicode
leis an ISO. Is fíor go nglacann Unicode le caighdeáin idirnáisiúnta agus ba
cheart dhóibh é sin a dhéanamh. Dhá thiocfadh athrú ar an gcaighdeán sin
glacfaidís leis agus dhá thiocfadh athleasú aríst air glacfaidís leis sin
freisin. Ní éistfidh siad le gearán ar chaighdeán nach leo é.
Nach bhfuil an "dochar" déanta cheana má tá focla neamhoifigiúla i mbéal an
phobail (pobal an Bhéarla). Tuige nach féidir níos mó ná foirm amháin a
bheith ann más léir gur "Irish" an focal oifigiúil?
> >An bhfuil tusa, a Vincent, nó ceachtar den dá Shéamas, ag iarraidh dul ar
> >an gcoiste áirithe a dheineann cinneadh mar é seo (a mbeidh cruinniú i
> >Londain aige i lár na míosa seo chugainn)?
>
> B'fhearr liom an chailís a chur ar aghaidh chuig SÓB nó SÓS -
> ós rud é go bhfuilim ag iarraidh leabhar a chríochnú i láthair na
> huaire. Mar sin féin, bhraitheas le tamall anuas go bhfuil géarghá
> le struchtúr éigin chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa
> ríomhaireacht i gcoitinne agus ar an idirghréasáin ach go háirithe.
> Phléas an cheist sin leis na baill den liosta seo a thaithíonn an
> tIonad Buail Isteach (.i. le hAonghus Ó hAlmhain, Seán Mac
> Suibhne agus Antaine Mac an Fhaillí le déanaí) agus d'aontaíodar
> gurbh fhiú an cheist a scrúdú ar a laghad. Bhí rún agam an t-ábhar
> a tharraingt anuas ar an liosta seo an mhí seo chugainn nuair a
> bheidh níos mó am saor agam, ach b'fhéidir nár mhiste é a phlé
> anois i gcomhthéacs a bhfuil ráite ag Marion. Dá mbeadh a
> leithéid de ghrúpa ann, bheadh fóram againn ina bhféadfaí
> ceisteanna tábhachtacha cosúil leis an gcaighdeán idirnáisiúnta
> a phlé agus ba lú go mór an seans go dtógfaí cinneadh a
> chuirfeadh uafás ar lucht labhartha na teanga níos déanaí.
>
> Tuairimí ag éinne?
Tá smaoineamh cosúil leis agamsa freisin, ach baineann sé le téarmaíocht na
ríomhaireachta go formhór. Tá 'fhios agam go bhfuil aistriúchán idir lámha ag
Seán Ó Ceallaigh i ndomhan Unix, tá 'fios againn uilig go bhfuil cuid mhaith
aistriúcháin déanta ag EGT agus tá tionscadal agamsa freisin. Nach mba mhaith
an rud an iliomad ceisteanna, dabhtanna & fadhbanna a bhaineanns leis an ábhar
seo a roinnt le chéile i liosta ríomhphoist/líonláithreán gan 'chuile dhuine a
dhéanamh a bhealach (agus a théarmaí) féin i ngan fhios obair an duine eile.
Ní chreidim go bhfuil an liosta seo ná Gaelic-L oiriúnach don ábhar seo toisc
gur liostaí comhrá iad seachas liostaí téarmaíochta.
Ní hé seo an rud céanna is a bhí ar intinn agat is dócha, ach ceapaim go
gcuirfeadh baill an ghrúpa sin suim i gceist an aistriúcháin freisin.
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n a S é a g h d h a [log in to unmask]
And she was cleped madame Eglentyne.
Ful wel she song the service divyne,
Entuned in hir nose ful semely. Geoffrey Chaucer.
|