GRMA, a Bhriain, as an léas solais thíos (mar chuidiú chun an díospóireacht
seo a lonnú i gcomhthéacs oiriúnach na staire comhaimsirí agus na
soceolaíochta, rud nach éasca a dhéanamh).
mg
Ar 13:02 -0500 2000-07-03, scríobh Brian Doyle:
>Ní Eireannach mé agus ní féidir liom a rá go dtuigim an cheist seo go
>hiomlán. Ach dealraíonn sé liom go bhfuil an cás cosúil le scéalta sa tír
>seo (S.A.M.) a bhfuil baint acu le hainmneacha agus ceart na polaitíochta
>(.i. "political correctness").
>
>Mar shampla, sna 50aí, b'é ainm coitianta do dhaoine gorma i Meiriceá ná
>"negroes" nó "colored people." Sna 60aí, ghlac daoine le "black." Sna 70aí,
>b'é "Afro-Americans" an t-ainm ceart ach cuireadh feabhas air sin le
>"African-Americans" san 80aí. Agus sna 90aí, cumadh an t-ainm is aisteach
>liomsa-sé sin, "people of color."
>
>An t-am ar fad, bhí daoine aonair and comhphobail ag tabhairt an t-ainm is
>fearr leosan orthu féin. Ní raibh siad ag fanacht le cinneadh ón NAACP nó
>páipéar oifigiúil ó na boic móra i Washington. Bhí éagsúlacht barúlacha ann
>agus bhí argóintí ann freisin. Bhí cara "gorm" liom agus mise ar ardscoil a
>dúirt nach mbeadh sé sásta glacadh le "African-American" riamh (toisc narbh
>Afracach é) agus, thairis sin, ní raibh an ceart ag aon duine eile rá leis
>go gcaithfeadh sé úsáid a bhaint as an ainm sin.
>
>Ní fheicim go bfhuil Marion nó Michael ag iarraidh feachtas pearsanta a chur
>i mbun. A mhalairt ar fad, chuir siad ceist os ár gcomhair, cad iad na
>hainmneacha is fearr linn-se?
>
>Mé féin, glacaim le "Irish" nó "Irish Gaelic" agus bainim úsáid as an dá
>leagan de réir an chomhthéacs sóisialta. Agus mise ag caint le hEireannaigh,
>is fearr liom "Irish." Ach, má táim ag caint le Meiriceánaigh, is minic go
>n-úsáidim "Irish Gaelic" mar nach dtuigeann na Yanks cad is brí le "Irish."
>
>Cén dochar é sin? Agus cé chaoí a dearfá as Gaeilge, "lighten up?"
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|