Ar 03:01 +0100 2000-07-04, scríobh Vincent Morley:
>...
>Mar sin féin, bhraitheas le tamall anuas go bhfuil géarghá
>le struchtúr éigin chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa
>ríomhaireacht i gcoitinne agus ar an idirghréasáin ach go háirithe.
>Phléas an cheist sin leis na baill den liosta seo a thaithíonn an
>tIonad Buail Isteach (.i. le hAonghus Ó hAlmhain, Seán Mac
>Suibhne agus Antaine Mac an Fhaillí le déanaí) agus d'aontaíodar
>gurbh fhiú an cheist a scrúdú ar a laghad. Bhí rún agam an t-ábhar
>a tharraingt anuas ar an liosta seo an mhí seo chugainn nuair a
>bheidh níos mó am saor agam, ach b'fhéidir nár mhiste é a phlé
>anois i gcomhthéacs a bhfuil ráite ag Marion. Dá mbeadh a
>leithéid de ghrúpa ann, bheadh fóram againn ina bhféadfaí
>ceisteanna tábhachtacha cosúil leis an gcaighdeán idirnáisiúnta
>a phlé agus ba lú go mór an seans go dtógfaí cinneadh a
>chuirfeadh uafás ar lucht labhartha na teanga níos déanaí.
>
>Tuairimí ag éinne?
>
>Vincent Morley
Is ait liom é sin, mar mholadh, mar tá a leithéid de ghrúpa ann cheana
(grúpa oifigiúil ag feidhmiú le blianta anuas faoi choimirce NSAI, a bhfuil
baill eile de liostaí éagsúla na nGael páirteach ann, rud a shíl mé a bhí
ar eolas ag cuid de na daoine a luann tú thuas). Níl ort ach glaoch ar NSAI
chun clárú mar bhall den ghrúpa sin, arb é a theideal oifigiúil AGITS/WG6.
NB. Ciallaíonn "WG" "grúpa oibre", seachas brúghrúpa
casaoide/polaitíochta). Ar ndóigh, ní fhágann sin nach féidir leat grúpa(í)
eile a bhunú, neamhspleách ar fad ar NSAI, más maith leat.
mg
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|