Ar maith le duine eile anseo na scannáin ó Pedro Almodóvar? Fuair mé cóip den
cheirnín "The Songs of Almodóvar" le déanaí agus is bailiúchán taithneamhach
ar fad é. Ní féidir liom éisteacht le "Soy infeliz" gan ceirnín a fheiceáil
ag éitilt thríd an aer. Má chonaic tú "Mujeres al borde de un ataque de
nervios" tuigeann tú mo chás!
Chuardaigh mé focla na n-amhrán seo ar an Idirlíon, ach níor éirigh liom ach
cúpla ceann a fháil - "Un año de amor", "Piensa en mi" agus "La bien pagá".
Chonaic mé beagán den Líon Spáinneach ar an mbealach agus ba spéisiúil sin.
An bhfuil moltái ag aon duine ar shuímh (eadar suímh ag díograisoirí Almodóvar
agus suímh cheoil Spáinnigh) a bhfaighfinn na focla uathu?
Thug mé faoi deara go ndéireann Luz Casal "llores" mar "deóiréas". Ar
fuaimniú canúnach é seo?
Tá amhrán Gearmánach amháin ar an gceirnín - "Nur nichtaus liebe weinen" le
Zarah Leander (ó "¿Que ha hecho yo para merecer esto!"). Is beag Gearmáinise
atá 'amsa - ab é "An grá amháin nach gcaoineann" an t-aistriúchán atá air?
Eolas ag Amazon
http://www.amazon.com/exec/obidos/ASIN/B00000C2NN/ref=rm_item
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
When choosing between two evils, I always like to try the one I've never
tried before. Mae West.
|