Scríobh Marion:
>Ní mór a mheabhrú gur caighdeánú ar chóid (ga, gd, gv, srl.) atá i gceist i
>sraith ISO 639 (-1,-2), seachas caighdeánú ar ainmneacha.
Nuair a dhréachtaíonn an ISO liosta de theangacha (nó liosta
de rud ar bith) is féidir bheith cinnte dearfa de go nglacfaidh
daoine ar fud an domhain - daoine nach bhfuil an t-am ná an
chaoi acu chun dul i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta i
ngach tír chun an liosta a dheimhniú dóibh féin - go nglacfaidh
siad leis an liosta mar shaothar údarásach. Tá sé sin ag tarlú
cheana féin i gcás liosta na dteangacha. Mar shampla, má
fhéachann tú ar leathanach de chuid Unicode ag an URL seo:
http://www.unicode.org/unicode/onlinedat/languages.html
feicfidh tú an ráiteas spéisiúil seo a leanas:
"Please note, however, that the Unicode Consortium does not
own or maintain ISO 639 and neither bears responsibility for its
contents nor has the ability to change them. Please do not
contact the Unicode Consortium if the ISO 639 language names
are not what you believe they should be."
Is é sin le rá, glacann Unicode ní hamháin leis na *cóid* atá
leagtha síos i gcaighdeán ISO, ach glacann siad leis na
*hainmneacha* atá sa chaighdeán freisin. Ní hamháin sin, ach
ní éistfidh siad le gearán ó éinne maidir leis na hainmneacha
sin. Dá mbeadh an Ghaeilge luaite i gcaighdeán idirnáisiúnta
faoi ainmneacha bréagach a thugann le fios gur canúint seachas
teanga í, bheadh sé an-deacair go deo an dochar sin a chur ar
ceal níos déanaí.
>An bhfuil tusa, a Vincent, nó ceachtar den dá Shéamas, ag iarraidh dul ar
>an gcoiste áirithe a dheineann cinneadh mar é seo (a mbeidh cruinniú i
>Londain aige i lár na míosa seo chugainn)?
B'fhearr liom an chailís a chur ar aghaidh chuig SÓB nó SÓS -
ós rud é go bhfuilim ag iarraidh leabhar a chríochnú i láthair na
huaire. Mar sin féin, bhraitheas le tamall anuas go bhfuil géarghá
le struchtúr éigin chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa
ríomhaireacht i gcoitinne agus ar an idirghréasáin ach go háirithe.
Phléas an cheist sin leis na baill den liosta seo a thaithíonn an
tIonad Buail Isteach (.i. le hAonghus Ó hAlmhain, Seán Mac
Suibhne agus Antaine Mac an Fhaillí le déanaí) agus d'aontaíodar
gurbh fhiú an cheist a scrúdú ar a laghad. Bhí rún agam an t-ábhar
a tharraingt anuas ar an liosta seo an mhí seo chugainn nuair a
bheidh níos mó am saor agam, ach b'fhéidir nár mhiste é a phlé
anois i gcomhthéacs a bhfuil ráite ag Marion. Dá mbeadh a
leithéid de ghrúpa ann, bheadh fóram againn ina bhféadfaí
ceisteanna tábhachtacha cosúil leis an gcaighdeán idirnáisiúnta
a phlé agus ba lú go mór an seans go dtógfaí cinneadh a
chuirfeadh uafás ar lucht labhartha na teanga níos déanaí.
Tuairimí ag éinne?
Vincent Morley
|