Scríobh Marion Gunn:
Seo leanas na tagairtí is gá a lua, sibhse a bheidh ag scríobh
chuig NSAI ...
Ní hea. Is é is gá a lua go raibh Michael Everson ag éileamh go poiblí, "ar
son na hÉireann" (is é sin ar son an NSAI, is dócha), go n-éireodh an ISO
(eagraíocht idirnáisiúnta) as úsáid an ainm "mícheart" Irish agus go
n-úsáidfí an t-ainm "ceart" Irish Gaelic ina ionad.
Rinneadh an t-éileamh sin (agus chosain Michael Everson agus Marion Gunn é
ina dhiaidh sin) ar liosta poist ar an idirlíon darb ainm Unicode. Níor
choinnigh mise cóipeanna de na teachtaireachtaí sin, agus níor éirigh liom
teacht orthu inniu toisc nach bhfuil siad le fáil fós, de réir dealraimh, i
gcartlann an liosta sin. Táim ag ceapadh go bhfuil cóipeanna ag Marion;
b'fhéidir go gcuirfidh sí ar fáil in áit éiginn iad?
Séamas Ó Brógáin
----------------
|