Seo leanas na tagairtí is gá a lua, sibhse a bheidh ag scríobh chuig NSAI:
<http://www.egt.ie/standards/iso639/iso639-en.html>
agus
<http://www.egt.ie/standards/iso639/iso639-en-changes.html>.
Ní mór a mheabhrú gur caighdeánú ar chóid (ga, gd, gv, srl.) atá i gceist i
sraith ISO 639 (-1,-2), seachas caighdeánú ar ainmneacha. Rud eile atá i
gceist, dhá lipéad (ceann as Béarla, ceann as Fraincis) a chur le gach cód.
Rud eile fós, an tríú lipéad a chur le gach cód, ina mbeidh ainm(neacha) na
teangan sa teangain féin.
Tá fuílleach sna lipéid sin do mhalairtí éagsúla, mar shampla:
Irish; Irish Gaelic; Gaelic, Irish
Manx; Manx Gaelic; Gaelic, Manx
Gaelic; Scottish Gaelic; Gaelic, Scottish [sic]
Gaeilge; Gaeilge na hÉireann
Gàidhlig; Gàidhlig na h-Alba
Gaelg; Gailck; Gaelg Vannin.
Ní léir domsa, ó thalamh an domhain, cén dochar a d'fhéadfach a theacht as
na leaganacha sin ar fad a bheith luaite in éineacht i gcaighdeáin de chuid
ISO.
Más ag iarraidh dul ag obair gan tuarastal do NSAI atá sibh mar atá déanta
agamsa le hocht mbliana anuas, beidh fáilte ag NSAI romhaibh, díreach chomh
maith is a bhíonn acu romhamsa agus roimh Michael Everson.
An bhfuil tusa, a Vincent, nó ceachtar den dá Shéamas, ag iarraidh dul ar
an gcoiste áirithe a dheineann cinneadh mar é seo (a mbeidh cruinniú i
Londain aige i lár na míosa seo chugainn)?
Má tá, b'fhéidir go ngéillfinn slí ar an gcoiste áirithe sin do dhuine den
triúr agaibh ar an gcoinníoll go nglacfaidh seisean móid phoiblí seasamh
mar ionadaí NEAMHSPLEÁCH ar son na hÉireann, agus ar son na hÉireann
amháin, a chuideoidh le daoine i dtíortha eile gan géilleadh do bhrú
míchuíosach ó ollstát ar bith, agus gan vóta na tíre seo a dhíol mar
mhaithe lena leas pearsanta féin.
mg
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|