Nuair a bhí mé i nDallas an bhliain seo a chuaigh thart,
bhí mé ag obair le fear a bhí "Guillermo" air mar ainm.
Chuala mé daoine ag fuaimniú mar "Gaidéarmó" é,
le 'd' caol (mar a fhuaimnítear in Ultaibh é).
Chuir mé ceist air caidé mar a fhuaimnigheann
seisean é. B'é a duirt sé na "Gaidéirmó", direach
mar d'fhuaimnigh na daoine eile é (ach amháin,
nar fhuaimnigh an 'r' mar a fhuaimnigheann Béarloirí
Meiriceánacha é. Bhí an 'r' caol, ach bhí an 'm'
cineal leathan).
Bhí amhras orm mar nar chuala mé a leitheid
d'fhoghar ar 'll' sa Spáinn, agus d'fhiafraigh mé
de carbh as é. As Madrid na Spainne é, agus
b'ann a chaith sé a shaol uilig!
|