Tharla timpiste thragóideach anseo san Eastóin inné i rása gluaisrothair le
Joey Dunlop as Éirinn, fear a raibh an chraobh dhomhanda buaite aige chúig
uair. Thit sé agus fuair sé bás. Níl a fhios ag duine ar bith céard a tharla
go díreach. Bhí sé ag baisteach agus deir daoine áirithe gur rith cailín
beag ar an mbóthar agus rinne Joey Dunlop iarracht í a sheachaint. Ar aon
nós, is mór an truaí gur tharla a leithéide de rud le duine ar bith, agus go
háirithe le fear chomh cáiliúil sin sa stair rásaíochta.
i.o.
|