D'fhreagair Daithí:
>
>Níl baint ar bith idir na focail seo. Ón fhréamh Ind-Eorpach *k'lew-
>"cluinstin" a thagann "clú"; is iasacht ón Sean-Bhéarla é "clúdach"
>7 "clúdaigh" (tabhraigí faoi deara "clout" an Bhéarla); ach is iasacht
>ó "pluma (clúmh)" na Laidine é "clúmh(ach)" faoi dheireadh (ní
>raibh an fhuaim "p" ag an Ghaeilge san am sin nuair a fuarthas an
>focal seo ar iasacht, ach cuireadh "q", an fhuaim ba ghaire di, ina
>háit. D'éirigh "q" i "c" ina dhiaidh sin).
>
Go raibh maith agat, a Dhaithí. Seo mar a cheap mé féin, ach bhí na focla
sin chomh cosúil le chéile go mb'éigean dhom an cheist a chur.
Ach ní raibh a fhios agam ar chor ar bith gur tháinig 'clú' as 'cluin'. Tá
sé sin spéisiúil. Nuair a shílim air anois, tá an rud ceannann céanna san
Eastóinis ('kuulsus' - clú, agus 'kuulma' - cloisteáil). Agus b'fhéidir gur
as an bhfocal céanna a tháinig sé!
>
Scríobh Dennis:
>
>Ceist agam ort, a Indrek: cad é an Eastóinis ar na liathróidí
>boga déanta as clúmhach agus dusta a fhaightear faoin leaba?
>"Dust bunnies" an téarma atá agamsa, ach d'fhoghlaim mé ó alt
>ar an New York Times ar maidin go dtugtar kitten fur, pussy
>willows, midnight fuzz, house moss, dustballs, woolies, woozies,
>fooskies, agus goose feathers orthu i réigiúin eile. Agus
>an chéad cheist eile, ar ndóigh, ná CÉN GHAEILGE atá orthu?
>
'Tolmurullid' nó rollaí dusta a thuganns muide orthu ('tolm' - dusta,
'rull' - rolla). Tá amhrán ag Jethro Tulls - Pussy Willow - agus cheap mé i
gcónaí gur ainm mná a bhí i gceist acu. Agus Pussy atá ar an mbanlaoch sa
scannán James Bond 'An Mhéir Órga' (níl sa bhFáinne Órga...). Níl a fhios
'am cén Ghaeilge atá ar 'dust bunnies'. Ceirtlíní dusta...??? Caithfidh muid
an cheist sin a chur ar na cainteoirí dúchais. Céard atá agaibh faoin leaba,
mara bhfuil sé sin rophearsanta?
Beannachta,
Indrek
|