Tháinig an teachtaireacht seo chugam agus babhta channelála orm inniu...
Ar 13 Mar 2000, ag 3:00 scríobh Jim Muldowney
fán ábhar "Cabby Houses":
> I gCill Choinnigh nuair a bhíos im pháiste (cúpla blian ó shoin) bhí
> caitheamh aimsire againn gur thugamar "cabby houses" air. Sé abhí ar siúl
...
> Tá trácht ar an rud chéanna i
> dTiobrad Árainn i "Knocknagow", áit a bhfuil
> na páistí ag imirt i "cobby houses".
>
> I gCeanada, cloisim o am go h-am go mbíodh an caitheamh aimsire céanna ag
> na páistí i Newfoundland. Sin an limistéar den tír seo go bhfuil an baint
> is dlúithe aici le h-Éirinn, i gcainnt , béasaí, ceol etc. Is ó
...
> Chualas in alt ar an radio inné bean abhí ina chailín ins na seachtmaidí go
> raibh "cobby houses" ina h-óige ins an Astráil san am sin.
>
> An bhfuil eolas ar bith ag muinntir an liosta ar an nós seo? An bhfuil
> baint ar bith leis an Gaeilge ag an focal cabby/cobby? An raibh/an bhfuil
> an caitheamh aimsire seo in áit ar bith eile san tír.
Bhuel, 'sé "cubby house" nó "cubby" a thugann muid ar a leithéid san Astráil.
Is minic atá mé míchinnte an bhfuil cora cainte mar seo Astrálach, Sasanach nó
Éireannach ach sa gcás seo measaim go bhfuil sé coitianta ina lán Béarlaí.
Deireann an foclóir Oxford an méid seo faoi:
cubby n.M17. [Rel. to CUB n.2]
1 A straw basket. Sc. M17.
2 In full cubby-hole. A small closet, a confined space, esp. one used for
storage. E19.
3 An enclosure containing bait and a hidden trap for animals. N. Amer. E20.
Comb.: cubby-hole: see sense 2 above; cubby house something that children
playing pretend is a house; esp. a toy house.
cub n.2 & v.2 Now dial.M16. [Prob. f. LG: cf. EFris. kübbing, kübben in same
sense, LG kübbing, kübje shed or lean-to for cattle. Cf. COVE n.1]
A n. A stall, pen, or shed for cattle; a coop, a hutch. Also, a crib for
fodder. M16.
B v.t. Infl. -bb-. Coop up. E17.
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Faith, Sir, we are here to-day, and gone tomorrow. Aphra Behn.
|