Arsa Dennis King:
>
> Scríobh Vincent:
>
> > 'Clúmh' an rud a rith liom ar an toirt. Tar éis dom roinnt
> > póirseála a dhéanamh sna dea-fhoclóirí feicim go bhfuil
> > 'clúmhach' acu mar ainmfhocal freisin, cé gur shíleas
> > nach raibh ann ach aidiacht.
>
> Clúmhach, mar sin. Anois, an mbeifeá sásta le "scagaire
> clúmhaigh" mar ainm ar an rud sin sa triomadóir a bhfuil
> glanadh ag teastáil uaidh gach aon turas? Má tá ainm eile
> in úsáid ag duine ar bith, ba bhreá liom é a chloisteáil.
>
> Dennis King
"Canach" a mholann O'Neill Lane, Lambert McKenna agus an Duinníneach.
mg
|