Gabh mo leithscéal a chairde, is ceist ghramadaí í seo ach níl mo théarmaíocht ghramadaí ró-mhaith.
Tá a fhios agaibh go gcuirtear séimhiú ar fhocal sa tuiseal gineadach má leanann sé focal baininscneach
m.sh. deoir bhainne
Ach ní dhéantar é le focail áirithe bhaininscneacha dar le mo leabhar gramadaí.Dár leis an leabhar ní dhéantar é le:
-ainmfhocail theibí:Airde fir, breáthacht mná, fad bliana srl.
-I ndiaidh roinnt, cuid, iomarca, easpa, barraíocht, breis srl.
-Nuair a ghabhann aidiacht leis an ngineadach: oíche gaoithe móire srl.
-Nuair is baill de chorp an duine nó ainmhí atá ann, nó más páirt de rud é: Súil fir, cos mná, adharc bó, iall bróige srl.
-Le gineadach comháisnéise nuair is daoine atá i gceist: baintreach fir, óinseach mná srl.
-Nuair is gníomhaí nó ainmní an focal a leanann é atá ann: Mallacht seanmhná, seitreach capaill, éirí gréine, gáir caillí.
Aon mholtaí eile agaibh le dul le sin?Mothaím, ó mo chuid léitheoireacht ghaeilge go bhfuil rud éigin in easnamh.
(Mar shampla, is focal teibí í "polaitíocht", ach is minic a chonaic mé í ag cur séimhithe ar an ngineadach a lean í.)
Comh maith le sin, feictear dom go ndéantar séimhiú ar fhocail a leanann focail fhirinscneacha má tá an focal firinscneach sa ghineadach i ndiaidh an ailt: Teach an fhir chathrach.
Ní fheiceann sé seo deacair dom, ach an ndéantar é le gach cineál focail fhirinscnigh atá sa ghineadach i ndiaidh an ailt, nó an bhfuil eisciachtaí ann mar atá leis na focail bhaininscneacha a chuireann séimhiú ar na focail a leanann iad?
Ta súil agam go bhfuil sé sin so-thuigthe.Ag súil le bhúr gcuid saineolais.
Seán Ó Buachalla.
|