> Scríobh Seosamh:
> ach rinn na Sasanaigh a mbarbarthacht (níos lú) féin anseo.
> Ró-éasca gráin a chothú . .
Scríobh Indrek:
>. . . ní cheart miotais mar sin a chur ar bun atá le feiceáil go minic i
scannáin gur >cineál . . . nó gur droch-charachtar atá ann má tá blas
Sasanach aige.
Ó thaobh 'Patriot' agus 'Cogadh an Neamhspleáchais' de, bhí muidinne mar
Mheireacánaigh ní ba mheasa ná na Sasanaigh. Bhí alt suimiúil fá sin ag
stairí ag MSN inné. (Tá a lán alt ann le Patriot a scrúdú agus a cheartú;
tá mé féin níos soiléire anois fá dtaobh de.)
Bhí an dá dhream olc go leor ar mhachairí catha, ach rinne na Meireacánaigh
ciapadh faoi leith ar na Tories (na cóilínigh a bhí i bhfabhar na Sasanach).
Tá fhios ag a lán daoine gur ruaigeadh as an tír a lán díobh (cónaíonn a lán
dá sliocht i gCeanada); maraíodh a lán díobh chomh maith.
Níl mé ag rá nach mbeidh mé ag ceiliúradh ar an 4ú lá Iúil den bhliain seo
chugainn an bhua a bhí againn :-)
Seosamh
|