Scríobh Indrek:
> ... an bhféadfaí a rá go bhfuil baint eicínt ag an 'gclúmh(ach)' úd
> a raibh muid ag caint air inné le 'cludach', 'cludaigh' agus 'clú'
• clúmh - iasacht an-luath ón Laidin: "plûma" (cleite bog)
• clúdach - ó "clúit", iasacht eile; ón bhfocal Sean-Bhéarla
"clút" (píosa éadaigh, paiste), ar rinneadh "clout" de níos
déanaí in éabhlóid an Bhéarla, focal a tugadh isteach sa
Ghaeilge mar "clabhta", leis na bríonna tánaisteacha "canta"
agus "buille". Díorthaíodh an briathar "clúdaigh" ó "clúit".
• clú - focal dúchasach, ón bhfréamh Ind-Eorpaise *kleu-
(clois). Tháinig "cluas", "clois" agus "cluin" ón bhfréamh
chéanna, chomh maith le "loud" agus "listen" i mBéarla, agus
"cluôr" agus "cluêre" (a bheith clúiteach) i Laidin.
Ceist agam ort, a Indrek: cad é an Eastóinis ar na liathróidí
boga déanta as clúmhach agus dusta a fhaightear faoin leaba?
"Dust bunnies" an téarma atá agamsa, ach d'fhoghlaim mé ó alt
ar an New York Times ar maidin go dtugtar kitten fur, pussy
willows, midnight fuzz, house moss, dustballs, woolies, woozies,
fooskies, agus goose feathers orthu i réigiúin eile. Agus
an chéad cheist eile, ar ndóigh, ná CÉN GHAEILGE atá orthu?
Dennis King
|