Scríobh Seosamh:
>
>> Barbarthacht múnlaithe ar SS na Nazis, b'fhéidir, má's fíor don
>scríbhneoir
>> sin, ach rinn na Sasanaigh a mbarbarthacht (níos lú) féin anseo.
Ró-éasca
>> gráin a chothú, ach beag an baol go ndéanfadh 'Patriot' amhlaidh i measc
>an
>> aosa óig. Ach treiseóidh an scannán sé droch-chlaonadh idé-eolaíochta
>áirid.
>
Bíonn idé-eolaíocht i chuile scannán agus leabhar, is dóigh. D'fhás mé suas
le scannáin cogaidh Shóivéadacha a bhí chomh "dearg" is a d'fhéadfadh a
bheith. Amadáin agus sádaigh (sadists) a rinneadh de shaighdiúirí
Gearmánacha iontu. Ach ní mar sin a bhíodar uilig, go háirithe na cinn nach
raibh sa SS. D'inis mo sheanmháthair a bhí ina cailín beag le linn an dara
cogaidh domhanda go raibh na Gearmánaigh go deas le muintir na háite agus
bhronn siad seacláid do na páistí. Bhí i bhfad níos mó faitíos ar na daoine
roimh na Sóivéadaí a chuir daoine neamhchiontacha chun báis ina dtithe féin.
Ar ndóigh, rinne na Gearmánaí a ndóthain cóireanna freisin, ach ní cheart
miotais mar sin a chur ar bun atá le feiceáil go minic i scannáin gur cineál
Nazis atá sna Gearmánaí, nó gur droch-charachtar atá ann má tá blas Sasanach
aige. Níl a fhios agam cén fáth go gcumtar a leithéide de steiréatipeanna ar
fud an domhain. Bheadh an saol rodheacair gan iad a bheith ann, is dóigh.
Indrek
|