Scríobh Vincent:
>
> >Amen! Agus más fíor leath den mhéid a léim faoi, tá an
> iarracht is déanaí uaidh ('Patriot') níos measa fós ...
>
Scríobh Indrek:
>
> >Bhí mé ag magadh faoi Mhel Gibson, ach níl sé chomh dona sin i ndáiríre.
. .
> go bhfaca mé "Arm Marfach" . . . ní féidir
> >gráin a bheith agat ar Mhel agus an gliondar craiceáilte sin ina shúile.
> Ní bhacfaidh mé féin le 'Patriot' má's fíor do na léirmheasanna, alt eile
a
> léigh mé sa New York Times faoina neamhstairiúlacht agus barúil cara liom
a
> bhfuil 'Patriot' feicthe aici. Bhí mé dóchasach ar dtúis mar bhí an chuma
> air gur radharc fírinneach ar an tréimhse sin den stair a bhí ann, rud a
> theastaíonn ón aos óg ach go háirid, ach faraor. . .
> Is amhlaidh go bhfuil an rud céanna ina shúile go fóill, a Indrek, ach é
> lomdáiríre an uair seo. Laoch gan smál ag troid ar son na saoirse.
> Seans nach dtuigeann sé a pháirt féin agus gur aisteoireacht thar
> ró atá i gceist. Ach is eagal liom gur 'feithicil Mhel Gibson' (mar a
> deirtear) atá sa scannán seo. Fíorstair na tíre scuabtha ag aisling dá
> chuid féin (faoisean féin) agus dearcadh éigin den eite dheas.
> Chuir an pictiúr den sclábhaíocht sa scannán as go mór do mo chara.
> Dubhaigh shonasacha ag obair leo ar son a máistir dheas chineálta.
> B'fhéidir nách bhfhéadfaí pictiúr fíor den sclábhaíocht a chur os ár
> gcomhair mar shalódh sin íomhá Mhel Gibson agus a charachtair. (Níl mé
> cinnte, fiú, gur sclábhaithe a bhí iontu! 'Deonaigh' ['volunteers'] a
thug
> an scríbhneoir insan NYT orthu -- an ag magadh nó i ndáiríribh, níl 'fhios
> agam.)
> >De réir na rudaí a chuala mé, tá arrachtaí déanta aige de
> > Shasanaí. Agus an fhadhb is mó go mbeidh gasúir Mheireacánacha ag
ceapadh
> > anois gur fíor é.
> Barbarthacht múnlaithe ar SS na Nazis, b'fhéidir, má's fíor don
scríbhneoir
> sin, ach rinn na Sasanaigh a mbarbarthacht (níos lú) féin anseo. Ró-éasca
> gráin a chothú, ach beag an baol go ndéanfadh 'Patriot' amhlaidh i measc
an
> aosa óig. Ach treiseóidh an scannán sé droch-chlaonadh idé-eolaíochta
áirid.
Seosamh
(a chónaíonns ar chiúmhais shuíomh Chath Long Island)
|