>>Go sábhála Dia sinn! (ó Mhel Gibson) :)
>
D'fhiafraigh Vincent:
>
>Amen! Agus más fíor leath den mhéid a léim faoi, tá an
>iarracht is déanaí uaidh ('Patriot') níos measa fós ...
>
Bhí mé ag magadh faoi Mhel Gibson, ach níl sé chomh dona sin i ndáiríre.
Caithfidh mé a amhdáil go bhfaca mé "Arm Marfach" faoi dhó ar a laghad. Ní
maith liom go hiondúil scannáin aicsean a fheiceáil níos mó ná uair amháin,
ach bhreathnaigh mé air aríst agus bhí sé sách greannmhar go fóill.
B'fhéidir mar gheall go bhfuill na haisteoirí ag imirt go maith; ní féidir
gráin a bheith agat ar Mhel agus an gliondar craiceáilte sin ina shúile.
Ach ní fhaca mé "Patriot" agus b'fhéidir nach mbeidh meas ar bith agam air
ina dhiaidh sin. De réir na rudaí a chuala mé, tá arrachtaí déanta aige de
Shasanaí. Agus an fhadhb is mó go mbeidh gasúir Mheireacánacha ag ceapadh
anois gur fíor é.
Indrek
P.S. Chonaic mé an "Gladiator" a raibh sibh ag caint air mí ó shin freisin
agus chuaigh sé i gcion orm go háirithe de bharr a chuid oibre ceamara agus
an ceol a bhí leis.
|