Scríobh Indrek:
>Is maith liom an dara leagan atá agat, "lámh nár sáraíodh". Sa gcaoi sin,
>bheadh míniúchán ann cén fáth nach raibh séimhiú sa "saraide", agus tá
ciall
>ag baint leis freisin.
Aontáim go hiomlán leis sin. An t-aon locht atá agam ar an
míniú sin go mbraithim nach bhfuil mórán cosúlachta idir na
foircinn '-aid(h)e' agus '-aíodh', sa chaint ná sa scríobh.
>Bhí mé féin ag ceapadh go bhféadfadh subjunctive a
>bheith ann mar gheall ar an "nár" sin.
Ach bheadh an 'nár' ag tús na habairte sa chás sin, rud
nach bhfuil.
>Cuireann na manaí agus cúrsaí cogaidh rud eicínt eile i gcuimhne dhom. Bhí
>mé ag breathnú ar "Braveheart" an lá cheana agus d'éirigh liom abairt
>Ghaeilge a dhéanamh amach i measc na screadanna eile. Is éard a dúirt Mel
>Gibson: "Alba go brách!" Bhí sé sin an-bharrúil. Níl a fhios 'am an raibh a
>leithéide de shluaghairm ag na hAlbanaí fadó nó an ndearna sé bradaíl ar an
>mana a bhíodh ag na hÉireannaí ("Éirinn go brách").
Ní fhacas a leithéid i bhfoinse Albanach riamh agus déarfainn
go bhfuil an ceart agat agus gur ó mhana na nÉireannach
Aontaithe a tógadh é (má tá sé sin sách áiféiseach, níl sé
níos áiféisí ná mórán rudaí eile atá sa scannán céanna). Insint
na fírinne, ba bheag rian den dílseacht náisiúnta a bhí ag Gaeil
na hAlban san 18ú haois féin (an tréimhse is mó a bhfuil cur
amach agam uirthi) gan trácht ar an 14ú haois. An fine, an
taoiseach, agus an rí (cibé duine é féin) na rudaí ba mhó ar
thugadar dílseacht dóibh de réir dealraimh. Ina dhiadh sin, bhí
dílseacht don Ghaidhealtachd agus don Bhreatain Mhór chomh
láidir (ar a laghad) le dílseacht d'Albain. Os a choinne sin,
caithfear a chur san áireamh gur Ghall ó Ghleann na Cluaidhe
é William Wallace (rud nach dtuigfeá ón scannán) agus go
raibh féiniúlacht Albanach i bhfad níos treise i measc na nGall
ná mar a bhí i measc na nGael.
>Go sábhála Dia sinn! (ó Mhel Gibson) :)
Amen! Agus más fíor leath den mhéid a léim faoi, tá an
iarracht is déanaí uaidh ('Patriot') níos measa fós ...
Vincent Morley
|