Scríobh Vincent:
>
>Táim cinnte gur foirm éigin den bhriathar sin atá i gceist, ach
>cén fhoirm? An 3ú pearsa den aimsir chaite b'fhéidir: "lámh
>nár sháraigh" - .i. "lámh nach ndearna éigeart"? Nó an
>saorbhriathar den aimsir chéanna: "lámh nár sáraíodh" - .i.
>"lámh nár briseadh uirthi"? Nó rangabháil an riachtanais:
>"lámh nach/nár s(h)áraithe" - .i. "lámh nár chóir a shárú"?
>Braithim go mbaineann deacrachtaí le gach ceann acu.
>
Is maith liom an dara leagan atá agat, "lámh nár sáraíodh". Sa gcaoi sin,
bheadh míniúchán ann cén fáth nach raibh séimhiú sa "saraide", agus tá ciall
ag baint leis freisin. Bhí mé féin ag ceapadh go bhféadfadh subjunctive a
bheith ann mar gheall ar an "nár" sin.
Cuireann na manaí agus cúrsaí cogaidh rud eicínt eile i gcuimhne dhom. Bhí
mé ag breathnú ar "Braveheart" an lá cheana agus d'éirigh liom abairt
Ghaeilge a dhéanamh amach i measc na screadanna eile. Is éard a dúirt Mel
Gibson: "Alba go brách!" Bhí sé sin an-bharrúil. Níl a fhios 'am an raibh a
leithéide de shluaghairm ag na hAlbanaí fadó nó an ndearna sé bradaíl ar an
mana a bhíodh ag na hÉireannaí ("Éirinn go brách").
Go sábhála Dia sinn! (ó Mhel Gibson) :)
Indrek
|