Scríobh Indrek:
>B'fhéidir gur 'sáraigh' a bhí i gceist acu mar sin féin,
Táim cinnte gur foirm éigin den bhriathar sin atá i gceist, ach
cén fhoirm? An 3ú pearsa den aimsir chaite b'fhéidir: "lámh
nár sháraigh" - .i. "lámh nach ndearna éigeart"? Nó an
saorbhriathar den aimsir chéanna: "lámh nár sáraíodh" - .i.
"lámh nár briseadh uirthi"? Nó rangabháil an riachtanais:
"lámh nach/nár s(h)áraithe" - .i. "lámh nár chóir a shárú"?
Braithim go mbaineann deacrachtaí le gach ceann acu.
> ach d'éirigh na
>clódóirí Sasanacha tuirseach de shíntí fada nuair a chonaic siad go raibh
sé
>ann i chuile fhocal (lámh nár...) agus faoi dheireadh níor bhac siad leis?
Déarfainn nach raibh scríobh na Gaeilge ag an té a rinne na
léaráidí agus gur ag iarraidh cóip a dhéanamh d'eiseamláir
nár thuig sé a bhí sé.
Vincent Morley
|