Scríobh Vincent:
>
>Ach nílim go hiomlán cinnte cén chiall ar chóir a bhaint as
>an tríú ceann agus bheinn buíoch as bhur dtuairimí. Is é an
>rud atá scríofa ar an bpostaer, déarfainn, ná "lámh nár
>saraide". Níl ponc séimhithe ar an 's' ná síneadh fada ar an
>gcéad 'a' sa bhfocal 'saraide', ach d'fhadfadh ponc séimhithe
>bheith ar an 'd' - cé gur dóichí nach bhfuil ann ach spota
>dúigh.
>
B'fhéidir gur 'sáraigh' a bhí i gceist acu mar sin féin, ach d'éirigh na
clódóirí Sasanacha tuirseach de shíntí fada nuair a chonaic siad go raibh sé
ann i chuile fhocal (lámh nár...) agus faoi dheireadh níor bhac siad leis?
Indrek
|