I Londain a chaitheas an tseachtain seo. Ní ag freastal ar
an gcóisir mhór le haghaidh lá breithe 'mháthair na banríona'
(mar a thugann an Collins Gem Irish Dictionary uirthi) nó na
'ríonmháthar' (mar a thugann an Collins Pocket Irish
Dictionary agus an Pocket Oxford Irish Dictionary ar an
mbean chéanna) a bhíos, ach ag déanamh roinnt taighde i
gcartlann na hAimiréalachta (téarma tábhachtach atá luaite
i bhfoclóirí Collins cé nár bhac muintir Oxford leis ar chúis
éigin) a bhaineann le hÉirinn san 18ú haois.
Thugas suntas ar leith do phostaer earcaíochta amháin a
cuireadh amach sa bhliain 1782 toisc go raibh gártha catha
i nGaeilge air. Trí abairt atá i gceist. Is féidir dhá cheann a
thuiscint gan stró:
"dar día do gheoadh mid orrdha lé maidighe glasad" =
"dar dia do gheobhaidh muid orthu le maidí glasa"
agus
"lamh laidir an uachdar" =
"lámh láidir in uachtar" (mana na mBrianach, dála an
scéil).
Ach nílim go hiomlán cinnte cén chiall ar chóir a bhaint as
an tríú ceann agus bheinn buíoch as bhur dtuairimí. Is é an
rud atá scríofa ar an bpostaer, déarfainn, ná "lámh nár
saraide". Níl ponc séimhithe ar an 's' ná síneadh fada ar an
gcéad 'a' sa bhfocal 'saraide', ach d'fhadfadh ponc séimhithe
bheith ar an 'd' - cé gur dóichí nach bhfuil ann ach spota
dúigh.
Tá cóipeanna de na léaráidí go léir curtha suas agam ar
leathanach sealadach ag an seoladh seo a leanas:
http://www.fainne.org/cabhlach/
Vincent Morley
|