Indrek Ois a scríobh:
> Tá an chosúlacht air nach bhfuil an ceart agam, ach an bhféadfaí a rá go
> bhfuil baint eicínt ag an 'gclúmh(ach)' úd a raibh muid ag caint air inné le
> 'cludach', 'cludaigh' agus 'clú' (nó cliú) agus b'fhéidir 'colaith'? Nó ar
> clúmhilleadh a bheadh ann amach is amach? ;)
Níl baint ar bith idir na focail seo. Ón fhréamh Ind-Eorpach *k'lew-
"cluinstin" a thagann "clú"; is iasacht ón Sean-Bhéarla é "clúdach"
7 "clúdaigh" (tabhraigí faoi deara "clout" an Bhéarla); ach is iasacht
ó "pluma (clúmh)" na Laidine é "clúmh(ach)" faoi dheireadh (ní
raibh an fhuaim "p" ag an Ghaeilge san am sin nuair a fuarthas an
focal seo ar iasacht, ach cuireadh "q", an fhuaim ba ghaire di, ina
háit. D'éirigh "q" i "c" ina dhiaidh sin).
Daithi
|