Cad faoi:
BruscArAis.... BruscArís
Ionad BruscArAise.... Ionad BruscAríse
???
Ciarán
At 10:55 20/07/00 +0100, you wrote:
>ionad athchúrsála a úsáideann muid anseo i nGaillimh
>Ach, má tá duine ar bith ábalta leagan níos dúchasaí a aimsiú, bheadh an -
>fháilte roimhe de bhrí go bhfuil go leor téarmaíocht nua á chumadh nach
>bhfuil ag teacht le caint na ndaoine agus nach nglacann siad leo.
>
>-----Original Message-----
>From: Marion Gunn [mailto:[log in to unmask]]
>Sent: Thursday, July 20, 2000 11:02 AM
>To: [log in to unmask]
>Subject: Re: téarma le haistriú - civic amenity site
>
>
>Ar 20:51 +0300 2000-07-19, scríobh Panu Hoglund TYS:
> >> ...
> >> tá mé ag iarraidh Gaeilge a chur ar an abairt "civic amenity site". Níl
>mé
> >> róchinnte faoin chiall sa Bhéarla ach is áis í don phobal chun bruscar a
> >> chur ann le bheith athchúrsáilte nó tugtha go dtí láithreán líonta talún.
> >> £5 don iontráil is fearr (dá mbeadh £5 agam).
> >
> >Stáisiún an bhruscair.
> >
> >(An té a dheánfas iarracht leagan ínteacht níos
> >casta a thabhairt isteach, cuirfidh Tascfhórsa an FhrithBhéarlachais chun
> >báis é ar áit na mbonn, agus fágfar a chorpán ag lobhadh faoin ghréin le
> >rabhadh a thabhairt don chuid eile.)
> >
>
>Ní hea, a Phanu, déanfar athchúrsáil air (sciobfaidh lucht na dea-Ghaeilge
>an craiceann dá chnámha, agus súfaidh an smior astu).
>mg
>
>--
>Marion Gunn <[log in to unmask]>
|