Ar 20:51 +0300 2000-07-19, scríobh Panu Hoglund TYS:
>> ...
>> tá mé ag iarraidh Gaeilge a chur ar an abairt "civic amenity site". Níl mé
>> róchinnte faoin chiall sa Bhéarla ach is áis í don phobal chun bruscar a
>> chur ann le bheith athchúrsáilte nó tugtha go dtí láithreán líonta talún.
>> £5 don iontráil is fearr (dá mbeadh £5 agam).
>
>Stáisiún an bhruscair.
>
>(An té a dheánfas iarracht leagan ínteacht níos
>casta a thabhairt isteach, cuirfidh Tascfhórsa an FhrithBhéarlachais chun
>báis é ar áit na mbonn, agus fágfar a chorpán ag lobhadh faoin ghréin le
>rabhadh a thabhairt don chuid eile.)
>
Ní hea, a Phanu, déanfar athchúrsáil air (sciobfaidh lucht na dea-Ghaeilge
an craiceann dá chnámha, agus súfaidh an smior astu).
mg
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|