Scríobh Vincent:
>Ach ní dóigh liom gur chualas éinne ag tabhairt ainm ar bith ar
>Iarnród Éireann seachas "Iarnród Éireann". Daoine nach mbeadh
>ar a gcumas abairt i nGaeilge a rá, úsáideann siad an t-ainm
>Gaeilge. Bhreathnaigh mé sa "Thomas Cook European Rail
>Timetable" agus "Iarnród Éireann" a thugann siad ar an
>gcomhlacht an chéad uair a luaitear é, agus "IÉ" atá acu gach
>uair ina dhiaidh sin.
Suimiúil go leor, nuair a theastaíonn an clár ama san uaim
ar an web, deinim cuardach ar "Iarnród" agus is mar sin
a gheibhim é. (Cad ina thaobh nár dheineas riamh bookmark
de? Ná fiafraigh díom; bitsíocht, is dócha.) Ach dá ndéanfainn
cuardach ar "rail(road)" cad a gheobhainn? Dá mbeadh an
tuiscint acu (pé hiad féin) gur teanga í an Ghaelainn, thuigfidís
an tsaoráid a leanann a húsáid amhlaidh, i n-ionad í a úsáid
mar shiombal.
> as dán a cumadh i gContae an Chláir sa bhliain 1782:
>
> Bíog ó bhreabanna is fees na government
> Tóg fód is sealbh 'na chroí.
Tabhair fé ndeara go bhfuil an government
baininscneach...
Maitias Mac Cárthaigh
-----------------------------------
Fios Feasa: Irish Multimedia
www.fiosfeasa.com
-----------------------------------
|