Scríobh Marion:
>Níl ann ach go bhfuilid ag leanúint de shampla "irlgov.ie", a Vincent (rud
>a chuireann olc ar go leor Státseirbhíseach, a bheadh ana-shásta sin a
>iompú ina "rialtas.ie").
Braithim go bhfuil cás "Iarnród Éireann" i bhfad níos measa ná
sin. Tar éis an tsaoil, is é "government" ainm an rialtais i
mBéarla - agus úsáidtear an focal sa Ghaeilge freisin. Seo línte
as dán a cumadh i gContae an Chláir sa bhliain 1782:
Anois tuigim gur fíor nach díon is nach prapa
Don ríocht seo Grattan do rinn í a dhalladh
'S do stróic teora is carthanas tríd,
Is go damanta an ní gur cíocras airgid
Bíog ó bhreabanna is fees na government
Tóg fód is sealbh 'na chroí.
Ach ní dóigh liom gur chualas éinne ag tabhairt ainm ar bith ar
Iarnród Éireann seachas "Iarnród Éireann". Daoine nach mbeadh
ar a gcumas abairt i nGaeilge a rá, úsáideann siad an t-ainm
Gaeilge. Bhreathnaigh mé sa "Thomas Cook European Rail
Timetable" agus "Iarnród Éireann" a thugann siad ar an
gcomhlacht an chéad uair a luaitear é, agus "IÉ" atá acu gach
uair ina dhiaidh sin.
Caithfidh gur cineadh comhfhiosach a bhí ann an t-ainm a athrú
mar sin. Is cosúil gur shíl duine éigin nach raibh ainm Gaeilge
sách galánta do ghréasán domhanda an Bhéarla.
Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>Tá beagán Gaeilge ann. Ar an gcéad leathanach tá an focal "Fáilte" ann i
>litreacha beaga bídeacha faoin bhfocal mór "Welcome". Lean an nasc seo
agus
>faigheann tú ráiteas ó Joe Meagher, Stiúrthóir Bainistíochta IE.
Ní fhacas sin, ach ní athraíonn sé m'intinn faoin suíomh.
D'fhéachas air toisc go rabhas ag iarraidh teacht ar an
amchlár le haghaidh traenacha idir Baile Átha Cliath agus
Gaillimh. Theip orm an t-eolas sin a fháil. Ach fuair mé an
t-eolas go léir faoin tseirbhís idir Dublin agus Galway ceart
go leor. Na blúirí beaga Gaeilge atá ar an suíomh, níl iontu
ach "Gaeilge mar shiombal" seachas "Gaeilge mar theanga".
Vincent Morley
|