D'fhiafraigh Breandán Dalton:
>Anois, déan dearmad go mbeadh sé i bhfad
>Éireann níba deise, b'fhéidir, dá ndéarfaí
>"Dhiúltaigh RTÉ ...". Is deacair liom
>a thuigbheáil go bhfuil "Tá diúltaithe ag RTÉ ..."
>ceart ar chor ar bith. Caidé bhur mbaramhlacha?
Leagan foirfe atá ann agus ní fheicim aon rud cearr leis fhaid
is a thagraíonn sé do scéal nach bhfuil críochnaithe go fóill.
Bheinn sásta le "Tá diúltaithe ag RTÉ ..." más é an rud atá á
rá gur dhiúltaigh siad an t-eolas a thabhairt ach go bhfuiltear
fós ag iarraidh orthu an rún a sceitheadh. Féach, mar
shampla, an abairt "níl cloiste agam uaidh fós" in Gráiméar
Gaeilge na mBráithre Críostaí, alt 19.3 - .i. "níor chualas a
dhath uaidh go fóill ach tá seans ann i gcónaí go gcuirfidh sé
scairt orm".
Tá sé i bhfad níos deacra an abairt "Tá scríofa aige do Lá" a
chosaint, agus mura bhfuil i gceist ach cur síos ar thaithí
iriseoireachta dhuine éigin, déarfainn gur chóir an aimsir
chaite a úsáid.
Vincent Morley
|