CUIREADH é seo chuig seimineár tábhachtach chun cúrsaí teilifíse a phlé,
a bheidh ar siúl faoi choimirce Choiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach
do Theangacha Neamhfhorleathan ar leath i ndiaidh a sé tráthnóna Dé
hAoine seo chugainn, 23ú Meitheamh 2000.
TEIDEAL: Teilifís sa Ré Dhigiteach: Deiseanna Úra?
CEAD ISTEACH: saor in aisce, ach dúnfar na doirse nuair a bheidh an halla
lán.
IONAD: Chief O'Neill's, Margadh na Feirme (Smithfield).
LÉARSCÁIL: <http://www.eblul.ie/fogra.html>.
CAINTEOIRÍ:Cathal Goan, Ceannasaí Chláracha Teilifíse RTÉ,
Huw Jones, Ceannasaí SC4 na Breataine Bige,
Pól Ó Gallchóir, Ceannasaí TG4.
CATHAOIRLEACH: Neasa Ní Chinnéide, Uachtarán Chraobh na hÉireann den
Bhiúró.
Le gach dea-ghuí agus le súil is sibh a fheiscint ann,
Marion Gunn
Rúnaí Choiste Náisiúnta na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha
Neamhfhorleathana
--
Marion Gunn
Everson Gunn Teoranta
<http://www.egt.ie>
|