Scríobh Breandán:
>Chonaic mé abairt aisteach tamall ó shin, agus
>ag an am shíl mé gur botun a bhí ann (agus
>sílim go fóill):
>
>"Tá scríofa aige do Lá."
Tá a leithéid ana-chomónta againn-ne i gCorca
Dhuibhne, ach go háirithe. Tá samplaí eile
luaite ag Seán agus ag Denis, ach seo cúpla sampla
eile den struchtúr ceannann céanna (ní gan
ainmní amháin, ach substantive + past participle + ag):
An bhfuil ite agat?
Tá ite cheana agam.
Tá teipthe aige (nó "air").
Tá tugtha suas agam.
Tá géillte aige.
Tá ceann eile mar iad:
Tá deireadh déanta agam.
B'fhéidir go bhféadfaí a rá gur ainmní é
"deireadh"; nílim deimhnitheach nach
fearr é a thuiscint le feidhm dhobhriathartha.
Agus ar deireadh, struchtúr eile, ach
gan ainmní:
Dhein sagart do.
Dhein scéal mór do.
srl.
Tá sé sin sa chaint, cé ná bíonn sé
agam féin, tugaim fé ndeara.
Maitias Mac Cárthaigh
-----------------------------------
Fios Feasa: Irish Multimedia
www.fiosfeasa.com
-----------------------------------
|