Deich neomat ó shoin a cuireadh isteach im láimh an chóip a cheannaíos de
_Nod don Eolach (Gasaitéar Eolaíochta)_, agus is é atá go maith, mar
leabhar.
Ní hé go mbeinn ag súil go dtuigfinn a leath, ná an tríú cuid féin de, ach
go bhfoghlaimeoinn ana-chuid as.
Téarmaí, mar shampla, a bhí ar eolas agam cheana ó ghluaiseanna
Béarla-Gaeilge, ach nach raibh ar eolas agam ach i gcomhthéacs gluaiseanna
mar sin, gan a mbrí a léamh i gcomhthéacs ceart uileghabhálach, mar a
léirítear sa leabhar seo iad.
ISBN 1 85791 103 2
mg
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|