----------
>From: Vincent Morley <[log in to unmask]>
>To: [log in to unmask]
>Subject: Re: blueprint
>Date: Dea 1 Mei 2000 6:29 in
>
> WHEREAS gur tháinig fianaise faoi mo bhráid go bhfuil
> scolaí sleamhain siosmach seargánach, le teann
> easurraime, easumhlaíochta agus easurrúis, ag iarraidh
> díospóid, drochamhras agus díchreideamh do chothú
> d’fhonn imreas, achrann agus iomarbhá do spreagadh
> (rud nár dhual riamh do bhallaibh béasacha bráithriúla
> bogchroíocha an liosta seo);
>
> WHEREAS arís gur éirigh leis an scolaí réamhráite síolta
> an amhrais do chur in ithir íon, eadhon in intinníbh íogaire
> Mharion módhúla mánla muiníní agus Aonghusa Almáinigh
> ardaigeanta airigh;
>
> WHEREAS fós go bhfuil léirmhíniú leor lánchinnte ar an
> bhfocal ‘bunchló’ le léamh i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill -
> saoi stuama staidéartha scolártha do dhearbhaigh gurb
> é is ciall leis plean nó líníocht do tharraingíonn lucht
> deartha tithe;
>
> AR AN ÁBHAR SIN, fógraím gur aistriúchán oiriúnach
> áirithe iomchuí é ‘bunchló’ ar ‘blueprint’ an tSacs-Bhéarla,
> agus ordaím do gach constábla de chuid an Fháinne Órga
> agus do gach báille de chuid Gaeilge-A gach saoithín
> séantach sliobarnach slíbhíneach do dhiúltóidh glacadh leis
> an bhfógra seo do cheangal agus do thabhairt i láthair mo
> chúirte-se mar a ngearrfar píonós cóir, ceart agus cothrom
> air.
>
> Barántas tugtha faoi mo shéala is mo láimhse, an chéad
> lá de mhí mheán an tsamhraidh sa bhliain seo d’aois ár
> dTiarna dhá mhíle,
>
> Vincent Morley,
> Ard-Shirriam Ghlas Naíon,
> Seanascal Gharraí na Lus,
> Aimiréal Abhainn na Tolca,
> etc. etc.
>
Cacamas! Bain triail eile as an bhfoclóir a léamh.
Séamas Ó Scolaí
|