Default StationaryTá sé seo thar a bheith áit, ní doigh liom gur fhadhb le ríomhairí do chuid RTÉ a bhí thíos leis an mbriseadh is deanaí, ós rud é nach mbíonn Seán s'againne i mbun oibre tar éis leathuair 'héis a cuig. Luaigh sé inné rud éigin bheith cearr le feilm ghréasain do chuid Esat, é duinte síos i ríocht is narbh fhéidir leis dul ann.
Bheul a chairde, le scéal fada a dhéanú gearr, tá RnaG i bhfeidhm aríst, más mian leat Cian agus a chuid cheoil a chloisint ar an dTaoibh Tuathail. Is iomaí rud a dhéanfainn ar son theanga mo shéan is mo shinsir, ach níl éisteacht leis an gcineal sin "cheoil" orthu!
|