Ar 13 Jun 2000, ag 12:43 scríobh Vincent Morley
fán ábhar "Iarnród Éireann":
> Nach deas an seoladh a roghnaigh Iarnród Éireann dá
> shuíomh gréasáin:
>
> http://www.irishrail.ie
>
> Agus nach breá an rud é nach bhfuil rian ar bith den
> "kitchen Kaffir" (seachas san ainm barbartha úd
> "Iarnród Éireann") le feiceáil air?
Tá beagán Gaeilge ann. Ar an gcéad leathanach tá an focal "Fáilte" ann i
litreacha beaga bídeacha faoin bhfocal mór "Welcome". Lean an nasc seo agus
faigheann tú ráiteas ó Joe Meagher, Stiúrthóir Bainistíochta IE. Tá sé ar
chomhchéim le ráiteas oifigiúil ar bith ach tá cúpla aistriúchán suimiúil
ann.
"Cumhdaíonn sé seirbhísí custaiméara, agus i measc na ngnéithe atá air tá
eolas do dhaltaí scoile agus do mhic léinn ar choláistí, mar aon le heolas
corparáideach."
An féidir an briathar "cumhdaigh" a úsáid mar seo? Shilfeá go raibh "cover-
up" ar siúl acu! Ar an laghad, ní bheidh a seirbhísí fuar leis an gclúid
dheas theolaí "www.irishrail.ie" orthu.
"Tá súil agam go mbeidh an deis agat leas a bhaint as seirbhísí Intercity
Iarnród Éireann, as an DART agus as ár seirbhísí cianbhruachbhailteacha amach
anseo."
Cianbhruachbhailteacha? An Gearmáinis é seo? "Seirbhísí do bhruachbhailte i
gcein" a bhí ar intinn acu is dócha.
Dála an scéil: tuige an bhfuil "www" ann ar aon chaoi?
Tagairtí
========
Leathanach fáilte
http://www.irishrail.ie/html/corpinfo/index.html
Leathanach aiseolais ("feedback", ta's 'ad)
http://www.irishrail.ie/html/feedback/index.html
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Níl ann sa saol ach ceo, is ní bheidh muid beo ach tamall. Seanfhocal.
|