A chairde,
chonaic mé abairt aisteach tamall ó shin, agus
ag an am shíl mé gur botun a bhí ann (agus
sílim go fóill):
"Tá scríofa aige do Lá."
An chéad rud a rith liom liom ná go
raibh an té a scríobh an abairt
thuasluaite ag smaoineamh i mBéarla
("He has [something or other]. Oh,
yeah, he has written for Lá")
agus ansin ag déaneamh lomaistriúchán
bacach go Gaeilge, san áit a mbéadh
"Scríobh sé do Lá", nó "Scríobh sé le
haghaidh Lae" níb'fhoirstiní.
Rinne mé dearmad air go dtí gur chuala mé,
ar Raidió na Gaeltachta:
"Tá diúltaithe ag RTÉ a rá cé mhéad airgid
a fhaigheann Pat Kenny", nó rud éigin mar sin;
stad mé den eisteacht i ndiaidh "Tá diúltaithe ag RTÉ".
Bhéinn ag dúil, ar a laghad, le "Tá sé diúltaithe ag RTÉ",
ar shamhail "Tá sé tugtha le fios ag an Aire ...".
Anois, déan dearmad go mbeadh sé i bhfad
Éireann níba deise, b'fhéidir, dá ndéarfaí
"Dhiúltaigh RTÉ ...". Is deacair liom
a thuigbheáil go bhfuil "Tá diúltaithe ag RTÉ ..."
ceart ar chor ar bith. Caidé bhur mbaramhlacha?
I ndiaidh ar chuala mé, rinne mé macnamh
ar bhriathartha (in abairtí simplí) gan ábhar
(direach) cáinte. De ghnáth, bíonn ábhar cainte
in achan abairt shimplí. Nuair nach bhfuil
sé ann, tá sé intuigthe ó bheith luaite cheana
(már shampla, "An bhfuil tú réidh?" "Tá".
san abairt deireannach, ta "mé" intuigthe
ó bheith luaite in "An bhfuil tú réidh").
Nuair atá sé intuigthe ó bheith luaite
níos déanaí, seasann forainm ina aít; e.g.:
"Tá sé tugtha le fios go bhfuil Dia ann".
Tá an fochlásal "go bhfuil Dia ann" ina
ábhar cáinte, agus seasann an forainm
"sé" that a cheann i ndiaidh "tá".
San abairt "Tá scríofa aige do Lá",
ní fheicim ábhar cainte ar bith.
San abairt "Tá diúltaithe ag RTÉ a rádh faic"
is é "a rádh faic" an t-ábhar cainte ach
níl forainm thar a cheann i ndiaidh "tá".
Anois, tá a fhios agam go bhfuil abairtí
ann gan ainmfhocal, leitheid "Is liomsa é",
"Dobair dom imeacht", "Tá orm dul go dtí
an leithreas", "dar liom go bhfuil sé fuar",
ach is friotail sioctha iad "is liom",
"dobair dom", "tá orm", "dar liom".
Feicim in "Graiméar Gaeilge na mBráithre
Críostaí" (eagrán 1999) go bhfuil tagairt
don saghas seo friotail in alt 15.49, ach
gan tracht gan ghluais (an bhfuil sé ann
in eagráin eile?).
Le scéal fada a dhéanamh gairid,
tá a fhios agam nach n-abórainn
go deo "Tá scríofa aige do La",
ach tá mé trina chéile ag an ghramadach,
agus ní cainteoir dúchais mé, ná baol air.
An bhfuil dul amú orm gur botún é?
Más ceadmhach "Tá scríofa aige",
an dtig linn an t-ainmní a fhágail ar lár
nuair is forainm é a sheasann don
ábhar cainte, leitheid "Rith liom go
raibh sé fuar" in aonad "Rith sé liom
go raibh sé fuar"?
Breandán Dalton
[log in to unmask]
|