Ar 12:43 +0100 2000-06-13, scríobh Vincent Morley:
>Nach deas an seoladh a roghnaigh Iarnród Éireann dá
>shuíomh gréasáin:
>
>http://www.irishrail.ie
>
>Agus nach breá an rud é nach bhfuil rian ar bith den
>"kitchen Kaffir" (seachas san ainm barbartha úd
>"Iarnród Éireann") le feiceáil air?
>
>Vincent Morley
Níl ann ach go bhfuilid ag leanúint de shampla "irlgov.ie", a Vincent (rud
a chuireann olc ar go leor Státseirbhíseach, a bheadh ana-shásta sin a
iompú ina "rialtas.ie"). Tharla toghchán chugainn, b'fhéidir nár mhiste
scríobh chuig ionadaithe Dála timpeall na tíre anois, sula mbáifear i
bhfógraíocht sin.
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|