Ní hea, a Vincent. B'éigean dom scríobh chucu faoi fhadhbanna eile
(leathanach lín lán ?????, mar atá, carachtar doiléite, atá ceartaithe ó
shin acu), ná níl "Scots" cruinn sa chomhthéacs a luann tú thíos, agus tá
botúin eile ann, is cosúil, a bhaineann le teangacha eile, le ceartú, leis,
acu, ach tá wg6 (fochoiste de chuid choiste náisiúnta (NSAI) na hÉireann ag
cur comhairle ar eagarthóir 639-2 anois, agus súil againn téacs glan a
bheith ann go luath.
mg
Ar 12:21 +0100 2000-06-13, scríobh Vincent Morley:
>Scríobh Marion:
>
>>CACAMAS atá in ISO 639-2 faoi láthair, a Vincent! Ní ceadmhach tagairt a
>>dhéanamh dó, mar "chaighdeán" go fóill, go dtí go gceartófar na botúin ann,
>>a d'eascair as nós cuma liom Library of Congress Mheiriceá. (Mar shampla,
>>féach nach "Scottish Gaelic", ach "Scittish Gaelic" a luaitear sa leagan
>>idirlín (http://lcweb.loc.gov/standards/iso639-2/englangn.html)!
>
>
>
>
>D'fhéachas air nóiméad ó shin a Mharion is tig liom a rá
>nach bhfuil "Scottish Gaelic" ná "Scittish Gaelic" luaite.
>Tá "Scots" ann ceart go leor (an urlabhra úd a bhfuil gaol
>aici leis an mBéarla), agus "Gaelic (Scots)" ar ndóigh,
>maraon le "Irish" agus "Manx". Díol suntais is ea é go
>bhfuil "Irish, Middle (900-1200)" agus "Irish, Old (to 900)"
>acu freisin. Chomh fada is a bhaineann sé leis na
>teangacha Gaelacha, is féidir a rá go bhfuil ISO 639-2 ar
>fheabhas ar fad anois - b'fhéidir gur ag breathnú ar shean-
>leagan atá fos i dtaisce ar do ríomhaire a bhí tú?
>
>Vincent Morley
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|