Scríobh Marion:
>CACAMAS atá in ISO 639-2 faoi láthair, a Vincent! Ní ceadmhach tagairt a
>dhéanamh dó, mar "chaighdeán" go fóill, go dtí go gceartófar na botúin ann,
>a d'eascair as nós cuma liom Library of Congress Mheiriceá. (Mar shampla,
>féach nach "Scottish Gaelic", ach "Scittish Gaelic" a luaitear sa leagan
>idirlín (http://lcweb.loc.gov/standards/iso639-2/englangn.html)!
D'fhéachas air nóiméad ó shin a Mharion is tig liom a rá
nach bhfuil "Scottish Gaelic" ná "Scittish Gaelic" luaite.
Tá "Scots" ann ceart go leor (an urlabhra úd a bhfuil gaol
aici leis an mBéarla), agus "Gaelic (Scots)" ar ndóigh,
maraon le "Irish" agus "Manx". Díol suntais is ea é go
bhfuil "Irish, Middle (900-1200)" agus "Irish, Old (to 900)"
acu freisin. Chomh fada is a bhaineann sé leis na
teangacha Gaelacha, is féidir a rá go bhfuil ISO 639-2 ar
fheabhas ar fad anois - b'fhéidir gur ag breathnú ar shean-
leagan atá fos i dtaisce ar do ríomhaire a bhí tú?
Vincent Morley
|