Tony a chara,
Is ar a' taobh eile de Chuan Chasla uaidh Ros a' Mhíl, ar a' gCeathrú Rua,
a d'fhoghlaim mise Gaeilge. San am sin de bhliain, bíonn a lán turasóirí ó
Bhleá Cliath agus, go deimhin, ón Eorap agus ó na Stáit, ag tíocht ag a'
gceantar sin. D'fhéadfadh sé a bheith cineál deacair Gaeilge a labhairt mar
sin, agus an méid sin Béarla ar gach taobh díot. Ach 'sé mo thuairimsa go
mbíonn daoine lánsásta Gaeilge a labhairt leat, má tá's acu go bhfuil
Gaeilge 'ad (seachas cuid den aos óg, ach sin mar a bhíonns an óige). Ach
níl mórán taithí 'am ar Ros a' Mhíl, agus seans gur scéal eile ar fad é sin
(tá 's 'am go bhfuil stair láidir turasóireachta ag an gCeathrú Rua, agus tá
cupla coláiste samhraidh ann; sin é a thuganns roinnt de na turasóirí ann).
Maidir le difríocht idir Ghaeilge Chois Fharraige agus Gaeilge Árann, chaith
mise seachtain ar Inis Meáin anuraidh, agus cé go raibh difríocht sách
soiléir do mhuintir an oileáin idir mo chuidsa Gaeilge agus Gaeilge an
oileáin, níor léir dhomsa aon idirdhealú (scéal eile ar fad é Gaeilge Inis
Oírr, níor chuala mé a leithéid de bhlas ariamh; ach tá sé ceolmhar agus
álainn, más aisteach féin le mo chluais é), ach amháin go labhrann muintir
Chonamara níos sciobtha, agus go mbíonn níos mó Béarlachas (idir stór focal
agus, uaireanta, gramadach) i nGaeilge mhuintir Chonamara.
Ach, ar aon chaoi, tá timpeall's bliain ó bhí mise sa nGaeltacht, tá mé
an-jealous ar fad, agus tá súil 'am go mbainfidh tú an-taithneamh as do
chuairt ar Chonamara. Abair hello le hÉirinn ar mo shonsa.
Le gach deá-mhéin,
Daniel Kubinski
"Is gaire ca¢air Dé ná an doras."
-Sean±ocal Gae"ealach
|