Default StationaryA chairde,
Le roinnt míosa anuas, bhíos ag smaoineamh ar sheachtain a chaitheamh thart ar Cois Fharraige i rith mí Lúnasa. Hernon's i n-aice le Ros a' Mhil, an áit a roghnaigh mé, toisc gur i lár na Gaeltachta ÍarChonnachta atá sé, ach bhéinn thar a bheith buíoch dhaoibh ach bhur mbarúil i dtaoibh an tigh lóistín thuas-luaite agus an cheantair maguaird (brón orm fé mhí-litriú, chualas an focal, ach ní fhaca mé riamh scríofa síos é) a fháil maidir le neart is caighdean na Gaeilge. Gaeilge Árann is mó a bhfuil eolas agus aithne agam uirthi, ach ní íocfainn na praghasannaí a h-iarrtar ann, thart ar fiche punt le haghaidh béile nach dtiúbhrainn deich bpunt air i mBaile Átha Claith.
Antaine
PS Tá Seán Moylan tar éis a rá liom gur fadhb leis an webfarm dho chuid Esat atá freagarthach as na sruthanna fuaime do chuid RTÉ bheith ar lár. Tá an áit druidte fá choinne na hoíche adeir sé, agus ní bheidh sé ar a chumas é a dhéisiú go maidin.
|