WHEREAS gur tháinig fianaise faoi mo bhráid go bhfuil
scolaí sleamhain siosmach seargánach, le teann
easurraime, easumhlaíochta agus easurrúis, ag iarraidh
díospóid, drochamhras agus díchreideamh do chothú
d’fhonn imreas, achrann agus iomarbhá do spreagadh
(rud nár dhual riamh do bhallaibh béasacha bráithriúla
bogchroíocha an liosta seo);
WHEREAS arís gur éirigh leis an scolaí réamhráite síolta
an amhrais do chur in ithir íon, eadhon in intinníbh íogaire
Mharion módhúla mánla muiníní agus Aonghusa Almáinigh
ardaigeanta airigh;
WHEREAS fós go bhfuil léirmhíniú leor lánchinnte ar an
bhfocal ‘bunchló’ le léamh i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill -
saoi stuama staidéartha scolártha do dhearbhaigh gurb
é is ciall leis plean nó líníocht do tharraingíonn lucht
deartha tithe;
AR AN ÁBHAR SIN, fógraím gur aistriúchán oiriúnach
áirithe iomchuí é ‘bunchló’ ar ‘blueprint’ an tSacs-Bhéarla,
agus ordaím do gach constábla de chuid an Fháinne Órga
agus do gach báille de chuid Gaeilge-A gach saoithín
séantach sliobarnach slíbhíneach do dhiúltóidh glacadh leis
an bhfógra seo do cheangal agus do thabhairt i láthair mo
chúirte-se mar a ngearrfar píonós cóir, ceart agus cothrom
air.
Barántas tugtha faoi mo shéala is mo láimhse, an chéad
lá de mhí mheán an tsamhraidh sa bhliain seo d’aois ár
dTiarna dhá mhíle,
Vincent Morley,
Ard-Shirriam Ghlas Naíon,
Seanascal Gharraí na Lus,
Aimiréal Abhainn na Tolca,
etc. etc.
|